School: An Dúinín (roll number 4444)
- Location:
- Dooneen, Co. Cork
- Teacher: R. Ó Motharua
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Dúinín
- XML Page 110
- XML “Longbhriseadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tímcheall leath-mhíle ón gcósta, in Iarthar Corcaighe tá carraigeacha árda géara, ar a tugtar "The Stags". Tá siad cosúil le h-adharca fiaidh agus tá síad dainnséarac go leór mar níl aon tig ann.Do tharla go raibh long seóil ag teacht ó New Orleans san Mí Deire Fómhair 1924. Bhí last genearalta ins-an luing. Bhí tobac, cadás, agus bairrillí íle ann. Bhí an aimsir ceóidh agus ní fheaca an captaen na carraigreacha. Do stiúir sé an long fé dhéin na fairrge airís, ach ar mhí-ádhmharaí an domhain, do chúaidh sí ar na carraigreachaibh.D'fhan sí ann greamuighthe ar feadh seactmhain. Ní raibh aoinne báidhte ach bhí fear amháin gortuighthe agus tar-éis cúpla lá do fúair sé bás. Do thainig mórán píosaí adhmaid isteach leis an taoide núair a d'imthigh sí go tón na fairrge.(Bailigheadh eolus i dtaobh na luinge seo, ó muinntir na h-áite seo)