School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 165

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 165

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 165
  3. XML “Sceith an Óir”
  4. XML “Conchubharach Éireamhon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear thuas i mBéal-dá-hAbh tímcheall le dhá céad bhliadhain ó shoin. Bhí taidhreamh aige aon oidhche amháin go raibh prócha-óir thíos i dTiobhradh Árainn. Ar mhaidin amháireach a bí chúgainn do eirigh sé go moch agus comháin sé leis go Tiobhradh Árainn ag lorg an prócha óir chun é thabhairt abhaile leis.
    Nuair a bhí sé tímcheall leath-slíge ar an mbóthar do bhuail fear air agus do chuir sé mar cheist ar cá raibh sé ag dul. Dúbhairt an fear eile leis go raibh sé ag dul go Béal-dhá-hAbh ag lorg óir, agus go raibh taidreamh aige cúpla oidhche ó shoin go raibh ór churtha fé scéith i ngarraidhe a bhí ag Pádruig Ó'Briain, agus bé sin Pádruig Ó'Briain a bhí ag cainnt leis. "Ó, más mar sin é," arsa Pádruig filleach na n-aon duine againn abhaile go dtí ár n-áiteanna féin airís." Do chasadar abhaile airís. Nuair a tháinig Pádruig abhaile do chuaid sé ag baint an gharraidhe ag lorg an óir. Bhí sé cúpla lá ag baint, nuair a fuair sé an t-óir. Ó'n lá san go dtí an lá indiu, tá an ainim ar an áit sin:- Scéith-an-Óir.

    Bhailig: - Conchubhar Ó'Drisceóil, Cnochán-na-mBáirneach, Inis Cléire
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí fear i gCléire fadó agus sé an ainm a bhí air ná Conchubharach Éireamhon. Aon lá amháin do mhairibh sé bó agus bhain sé an croichinn do'n mhuin agus d'imthigh sé go Corchaig leis an gcroichinn. Ní raibh aon ghruaistháin ann an uair sin, agus is amhlaidh a suibhal sé go Corchaig. Ar gábhail abhaile do chonnaich sé dosaén fear agus iad ag íarraidh annchaire mór a tabhairt isteach ó cuan éigin leó. Nuair a chonnachadar an fear mór do stadadar go léir ag féuchaint air. Do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Conchubhar Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Address
    Cnocán na mBairneach, Co. Cork