Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Cork
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “Domhnall na Raolach”
  4. XML “Conchubharach Éireamhon”
  5. XML “Rann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do chuaid Conchubharach Éireamhon go Corchaig uair, agus ar a theacht abhaile dho, do thuit an oidhche ar an mbhóthar air agus do chuaidh sé isteach go tig a bhí ar thaobh an bhóthair ag lorg lóisdín. Tig beannuighthe i bheadh é. Ní raibh isthigh ann acht seana-bhean. Do bhí sí dabhall. Dúbhairt sí leis gábhail amach as an dtig nó go gchuireadh a mach amach é nuair a thiochfadh sé abhaile. I gchíonn tamhaill beag tháínig an mach abhaile agus bullán ar a dhrom aige agus greimh ar an dhá chois díreach anáirde ar a gúallain aige. Do chait sí i lár i tíghe é nuair a tháinig sé isteach. Annsan do féuch sé mór tímcheall ar féin. Do chonnaich sé Concubhar ina shuidhe ar fuairma. Do chuir sé béich mór as agus d'fíarfhaigh sé do cadh a thug annsan é. Dúbhairt Conchubharach go gchaithfeadh sé é d'fágháilt isthig go lá. Annsan do rug sé ar Conchubharach chun é do chaitheamh amach acht do chaith Conchubharach é féin taobh amuig do'n doras. Is é ar thaobh amuig do'n doras sé adúbhairt sé "Is tú an díabhall nó is tú Concúbharach Éireamhón. Annsan do fhan Concubharach istigh go lá, agus nuair a tháinig solus a 'laé d'imthig sé leis abhaile. Dubharadh leis gan ínnsint d'aoinne cá'r chaith sé an oidhche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.