School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 161

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 161

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 161
  3. XML “Bia na Seanaimsire”
  4. XML “Na Fianna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do chuiridís síos corcán prátaí agus saucepan bainne agus sin é an breacfhast a bhíodh aca. Prátaí agus bainne a bhíodh aca airís igcóir an dinéir agus mbéidir píosa éisg róstaidhthe nó salann. Ní ithidís a thuille annsan ar feadh an lae. Do bhí trí fichid síbínn igCléire an uair sin. Daoine dob eadh na síbíní a bhíodh ag díol whiskey. Nuair a bhíodh na daoine ag obair sa pháirch do thagadh na síbíní cúghtha agus do cheannuighidís an whiskey uatha ar phingin a' gloinne. Do mháoluighedh san an tart a bhíodh ortha. Do thógaidís saoithí whiskey i reac an uair nó leis. Do ólaidís sáiste cnuic agus deocanna eile a deintí as na luibheanna a fhásann ar an gcnoc agus ar an dtalamh.

    Cáit Ní Drisceóil
    Cumolán
    Inis Cléire
    ó Thomá Ó'Síothcháin, (75bl.)
    Cumolan
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá oileán las-muich de Chuan Dhún na Seadh agus sé an ainm atá air na Oileán Gúalainn. Tá leabaidh gearrtha isteach i gcarraig ann agus deirtear gur ann a chodail Diarmuid nuair a theith sé féin agus Gráinne ó Fhionn Mach Cúmhail. Tá faighil ar an dtaobh thiar de Oileán Cléire ar a nglaodtar Faighil Dhíarmuda. Deirtear gur ar bhárr na faighle seo ata Diarmuid curtha. Tá uaig fhada i bpáirch i nGort
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ni Drisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Ciarán Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Comalán, Co. Cork