School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 154
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar stáca, agus beidh fhios agamsa ar seisean cad íad na phearta atá ag Chíarán anocht agus is i le mhaghaidh a dúbhairt sé an fhochal, agus a chómharthaí gur bead bhí a mhalairt de sgeal ar maidin aighe, mar i gcúrsa na hóidhche do crom an galán a cheann i dtreó gur sleamhnuig an téad de. Do rácáil a bhád agus do bhí sí na ticeóidí beaga istig i gcúas hÍbhígh ar maidin, agus an galán na sheasamh mar a bhí sé ó thúis agus mar atá sé i gcómhnúidhe.
Bhailig: Seósamh Ó Nuallain, Cnochán na MárnachFuaireas ó: Conchubhar Ó Síothcháin, Cnochán na Márnach - Sé lá Féile Brighde an cead lá d'Earrach agus d'fíadaigh agus mar adeireadh na sean daóine go mbead gach ár i lá go maith ó lá le Bríghde amach, "sead" arsa Brígde "agus leath mo laéthsa leis". Dubhairt an sean fhocal chómh maith go mbíonn ceann dubh ar gach maidin Earraig agus eirbeall seannaigh as san síar. Seana caint eile a bhí ráidte, go mbead an lochán lán ar theacht a' Mhárta, nó an Márta na bheadh, do líonfadh sé féin é.
Sé lá le Pádraig an cead cheann féile eile. Lá mór phíasta spóirt agus chaitheamh aimsire, is ead é, ag Clán na Gáel in Éirinn agus gach áird don domain go bhfuil síad. Ós ag caint ar an Márta é do bí sé ráidte fad ó shoin go dtagfadh sé mar león agus go nimthíghead sé mar an úan, ach ní raibh an úair(continues on next page)- Collector
- Seósamh Ó Núallain
- Gender
- Male
- Address
- Cnocán na mBairneach, Co. Cork
- Informant
- Concubhar Ó Síothcháin
- Gender
- Male
- Address
- Cnocán na mBairneach, Co. Cork