School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 150
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Comalán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nuair d'eirigh an bhean d'inis sí an sgéal go léir dá fear, agus díreach nuair a cualaidh a fear é, do rith sé amach an dorus agus cuaidh sé go dtí tig a' tsagairt láithreach, agus dubhairt sé leis an sagart Aifreann a rádh ar son anam a áthair agus dúbhairt an sagart é. Annsan cuaidh an fear abhaile agus níor chuir a áthair a thuille trioblóide ar go dtí lá a bháis.

    Proinséas De Búrca
    Trá Cíaráin
    ó Nóra Bean De Búrca
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí tímcheall lé deich thig ar fhiceadh i gCumalán fadó shoin, níl acht aon tig deug ann anois. Deirtear gur theas in aice lé loch a' Cumaláin a bhí na tighthe go léir sular roinnibh an talamh agus go raibh lána mór tighthe ann. Tá cúm theas in aice an locha agus deirtear gur ins an cúm sin a bhí an lána agus gurabh é sin an fáth gur tugadh Cúm-a-Lána nó Cumalán ar an mbaile fearthain.
    Do chuaidh ana chuidh daoine ó'n mbaile go Meirica ó aimsir a'Ghortaigh. Sé an sloinne is mó atá sa bhaile ná Ó'Drisceóil. Tá cnoc ar an dtaobh theas de'n bhaile agus sé an ainm atá air ná Carraigín an Fholair. Sé an fáth gur tugadh an ainm sin air toisc go dtagadh folar ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ni Drisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Ciarán Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Comalán, Co. Cork