School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 146

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 146

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 146
  3. XML “Lucht Siúil”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó thagadh ana cuid tinncéirí isteach go dtí an Oileán seo ag díol rudaí. Bhí aon fear amháin ó'n Sgiobairín agus do thagadh sé isteach go h-ana mhinic. Sé an ainm a bhí ar ná, Seán Ó hÉigeartaigh. Do bhíodh sé ag díol bucaidí agus oighealláin, agus ngach aon nídh mar sin. An uair a bhí sé ag teacht isteach go Cléire do bhí ana cuid airgead 'á dheanamh ag muinntear an Oileáin, agus uime sin do ceannócaidís alán rudaí uaidh. Bhí sé ana áiseach leis, mar do dhéanach sé ngach aon saghas rud do ceartú cuir i gcás, ciotail, bucaidí, corcáin, agus alán rudaí eile mar sin. Na rudaí a cáitheadh na daoine uatha, do thógadh sé sin iad, agus do dhéanach sé iad do ceartú, agus do dhíolach sé iad airís ar leath-phraghas, agus do dhéanach sé ana cuid airgead mar sin.

    Bhailig: Proinseás De Búrca, Trá Cíaráin,
    Inis Cléire
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean igCléire uair amháin agus is í an ainm a bhí uirthi ná Máire Nuadh. Ní raibh aon baile aice féin, agus do bhíodh sé ina cómhnuighe i dtig Dómhnall Ó Céadagáin i gCoínlín. Bean ana greannmhar abeadh í mar 'á gcuirfeá isteach i seómra
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Proinséas de Búrca
    Gender
    Male
    Address
    Trá Chiaráin, Co. Cork
    Informant
    Seán Ó Ríogáin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Cnocán an Choimhthigh, Co. Cork