School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 142
- XML “Póstaí”
- XML “Na Bacaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil, Cumolán Thuaidh
- Do bhíodh an tOileán seo lán do bhachaig san tseana aimsir. Ní bhíodh aon lá sa bhliain na bíodh bacach ag gábháilt timcheall ag lorg a dhéirche. Is amlaidh a téigeaidís timcheall ó tig go tig, agus do íaraidís déirch ar son an tSlánuightheóra, agus ní nách iongnadh ní eiteóchadh aoinne iad nuair a théigidís chómh chruaidh san ortha. Annsan nuair a bíodh an bachach ag gábhail timcheall fa'n an laé do thagadh sé go tig éigin agus d'íaraidh sé ar mhuínntír a'tíge ceadh a tabhairt do 'bheith istigh. Ba gnáthach go mbíodh ana chuid dos na bachaig go sár mhait chun sgéalta Fínnaidheachta do innsint, agus ime sin, ba mhaith le daoinibh iad i bheith istig aca i caiteamh na hoidhche. Pé sgéal é, an uair sin do bíodh buachaillí agus cailiní ballaighthe ins na tighthe gach aon oidhche ag éistheacht le sean-duine nú seana-bhean a bhíodh ag ínnsint sgéala dhóibh. B'éidir uaireanntha leis gur ós na bachaig nó (lucht siúbhail) mar a ghlaoidís ortha a chloisfidís san féin na sgéala san. Do bhíodh tighthe áirithe leis san áit ná téigeadh aon bhacach ar tríall as ortha, mar do bhíodh droch ainm ortha. Do bhíodh i fhios ag na bachaig dhá dtéighidís go dtíos na tighthe sin, go bhfaighidís an thateachas. Dobh iad na daoinibh is feárr a thugadh déirch dos na bachaig ná:-Townsend ó Rínn Chual Uisge,
Beecher na Baile Breiche
agus Donnabhaineach ó Bhágh na LeithinDo bhíodh an bhuidheachas ag na bachaig ortha san .
Máire Ní Drisceóil,
Cumolán Thuaidh
Inis Cléireó Chiarán Ó Drisceóil (55 bl)- Collector
- Máire Ni Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Ciarán Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Comalán, Co. Cork