School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 141

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 141
  3. XML “Bóithre”
  4. XML “Póstaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    eile des na fearaibh gurabh amhlaidh a bhí sé ina chodhladh ach nuair a thánadar chuige do bhí sé marbh. Sin mar a fuair ana chuidh daoine bochta bás aimsir an gortaigh. Do deineadh na fir a ndícheall cun bídh a sholáthar dos na daoine a bhí sa bhaile agus go minic do bhídís ró lag chun aon obair a dheanamh agus do gheibhidís bás ins na páirceanna agus ar thaobh na bóithre agus ins gach áit. Do chuaid ana cuid daoine fé dhéin tig na mbocht ach ní raibh aon tslighe ann dóibh.

    Caít Ní Drisceóil
    Cumolán
    ó Conchubhar Ó Drisceóil
    Ceathramhna
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Pósadh na Cásga, pósadh le h-áthas,
    Pósadh na hInidheacht pósadh le dithinis.

    Seo leannas mar a deinthí cleamhnaisí i gCléire timcheall le fiche bliain ó shoin féin. Aon bhuachaill go mbíodh fonn pósta air an uair sin i gCléire is san Ineadh a phósadh sé. Is iad na sean-daoine a bhíodh san Oileán i dheineadh na cleamnaisí go léir (agus bha iadh san na daoine ba chóir chuighe). An buachaill óg go mbíodh fonn pósta air an uair sin sé an rudh a deineadh sé ná buidhéal uisghe-beatha i cheannach agus é do tabhairt ar triall ar shean-duine éigin. Do thugadh an sean-duine sin an buidéal uisge-beatha ar triall ar athair an chailín (a thaistígheadh ó'n mbuachaill) D'óladh an bheirt aca an buidéál eathortha, agus is minich i bhídís ar meisghe, agus is mar sin a deintí cleamhnaisí.

    Máire Ní Drisceóil
    Cumolán Thuaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Drisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Ciarán Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Comalán, Co. Cork