School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 137
- XML “Lá Fhéile Stiofáin”
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tig a'diaraidh cúpla pingin agus seo mar a deiridís:-" Thugas mo dhreóilín cugat sa, a mháistrás, agus ní mar dhúil i leamhan ná i narán, ach nós atá in ár ndúthaigh Lá 'le Stíopáin, "nó díaraidís:-" Thugas mo dhreóilín anoir ó Pháris, tá sé i mbarra maide agam agus staf a bháis ann. Tá sé maluighte agus is deacair é do shásamh, Is a ghasra a' tighe seo cuiridh amach an tairgead, sul a ndeanfhaidh sé sib a cháineadh. Dá bhfaighidís an tairgeadh d'iaraidís:-" Slán beó chúghaibhse a lánmhú a' tíghe seo,
Go mairfhidh sibh go deó chun go mbeidh sibh críona
agus chun go bhfásaidh an lua dhearg trí mhullach an tseana thíge agaibh. "
Mura bhfaigheadh na buachaillí an tairgead d'iaraidís:Thugas mo dhreóilín ó cugat sa a chúpat,
A ceann gan innithin is a cloigean gan súile,
Ná sínir do chosa is ná crapair do ghlúine,
Agus go seacht míle measa igcóir an Nodlaig seo chúghainn sibh.
Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán
Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil - 1) Caithfidh bacaig min a fhághail.
2) Faigheann teampal catharach cuirp.
3) Cómhrádh ban ar tslí cómhrádh eadtrom baodh.4) Port feadaoíl is toidhche nú sceul fiannaidheacht is ló, ní bheidh an duine sin coidhche gan dream púcaí ar a thóir.5) Galar nú naíre, grá nú tart, do thug an tochas an bárr leis an bóthar amach.An gaol atá ag an mbuin leis an mbláthaig:-(continues on next page)