School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 136
- XML “Comharthaí na hAimsire”
- XML “Póstaí”
- XML “Lá Fhéile Stiofáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)5) Nuair a bhíonn an tasal a chimilt féin leis an gclaidhe sin cómhartha báistidhe.
Geimhridh ceómhach, Earrach reómhach, Samhradh riabach agus Fóghmhar grianmhar.
Cáit Ní Drisceóil,
Cumolán óNóra Bean Uí Drisceóil, Cumolán - Ní phósann aoinne i gCléire Dia Lúain ná Dia Ceadaoín ná Dia hAoine ná i mí na Bealthaine. Tá sé cómruighthe a ámhrach pósadh i mí Abráin nó i mí Meadhon Fóghmair.Fadó shoin do phosadh na daoine san áit seo san Ionaid. Do bídis ag deunamh cleamhnaisí ó Dómhnach Feuch suas go dtí Domhnach a' Puis. Do phósadh ana cuid díobh Oidhche Mháirt Inide. Tá sean fhocal a deireann, " Pósadh na Cásca pósadh lé háthas,
Pósadh na hInide pósadh lé dithineas "Do bhíodh cómhaisire i dtig a' chailín agus cómhaisire i dtig a bhuachalla. Do bhí dhá thíarsa pórtair ins gach tigh díobh agus rínnce ó thuitim oidhche go dtí maidin geal.Deirtí go mbeadh an lámhnú ana ámhrach 'á mbeadh "rud éigin nua, rud éigin críona, rud éigin gorm, agus éigin ar íasacht" á chaitheam aca an lá a phósadís.
Cáit Ní Drisceóil
Cumolán, óPádraig Ó Drisceóil, Ceathramhna- Collector
- Cáit Ni Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Pádraig Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Ceathrúna, Co. Cork
- Do mharbhuigheadh na buachaillí go léír dreóilín gach Lá le Stíopháin agus do théidís isteach ins gach(continues on next page)