School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 124

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 124

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 124
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí madra-rúadh ag siúbhal fadó agus bhí ocras a dhóthain ar mar níor mhairbh sé aon níd an óidhche roimh ré. Do thabharfhadh aon chóngnamh choitighthe ar féin ná ar a scuainne. Ach do ghaibh sé cun na trágha i gcúrsa an láe. Do bhí trágh bharra thuille ann san am gcéudna agus is gnaítheach san am san don taóide go mbíonn na bárnaigh ag snábhán ar an gcarraigh ó bhall go ball. Do thugh an madra-rúad fé ndeara go crúinn íad, agus dúbhairt sé in aighne féin "go mbéara do chuid acha san dithe ná bheith gan aon nídh". Do chuir sé a theangha isteach fé cheann acha agus má chuir go deimhin níor eirigh leis ar fóghnamh, mar do ghreammuigh an báirneach é féin ar an gcarraigh agus do chuinnibh sé an teangha fé istig, cun gur eirigh an taóidhe agus do báidheamh an madra-rúadh agus is sé an fochal déanach a dúbhairt sé agus é ghá mhúchad ná is glich an preabhaire é an báirneach.
    Bhailig: Seósamh Ó'Núalláin, Cnochán na Márnach
    Fuaireas ó: Chonchúbhar Ó Síothcháin, Cnochán na Márnach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Seósamh Ó Núalláin
    Gender
    Male
    Address
    Cnocán na mBairneach, Co. Cork
    Informant
    Conchubhar Ó Síothcháin
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Cnocán na mBairneach, Co. Cork
  2. Bhí ban déiléala ann fadó agus ní nách íonghnad do bhí gach aon sórt méisiúirí agus tómhaiseanna aice agus do bíod na daóine ghá radh ná raibh a cheart ionnta. Do thug sí isteach sa mhargaidh lá íad feuchaint an rabhadar chóir nó éaghchóir agus do bhí gach cheann aca beagán níos mó ná an ceart. Núair a chúaidh sí abhaile is seo mar dúbhairt sí, "do tómhaiseas mo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.