School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 104
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do tug Concubar aon léim amháin agus do tug sé fásgadh don fear a bhí na coinnibh agus do dein sé trí páirt da drom. Do buaidh an fear bocht an geall is do bhí an doitin ag Concubhar go deó airís.Bailigh: Caitlín de Búrca, Cumar
Fuaireas ó: Padhraigh Ó Drisceóil, Árdgorth. - Tímceall le dacadh bliain ó shóin do bhí taoide ana mór ann is do thug sé sé nú seacht míle do macréil a bhí ar an dTráig isteach sa bfairrghe. Bhí sé chiun ar fheadh an tráthnóna ach bhí an taoidhe ana mhór. Annsan i tosach na h-oidhche d'eirigh gála is do bhí an gaoth ag seideadh aniar deas. Tímceall le dó déug a clogh san oidhche d'aistrigh an gaoth is annsan bhí an gaoth aniar. Bhí bád mór iasgaigh sa caladh is do bris sí na teadha le neart na gaoithe is do tug sí dhá bád eile a bhí in aiche lei amach an cuan chómh mhaith. Bhí cúpla fear i ceann dos na bádhaibh a bhí ag imteacht ach d'eirig le duine achu léimt ar dtír. Bí an bád ag imteacht amach an cuan agus le neart na taoidhe do tugadh an bád isteach airís is d'éirig leis an fear léimt ar dtír is do táinig an beairth achu saor. An oidhche céudna do seíd an gaoth na sloinn ó ana cuidh dos na(continues on next page)
- Collector
- Caitlín de Búrca
- Gender
- Female
- Address
- Cnocán an Choimhthigh, Co. Cork
- Informant
- Ristéard Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Cnocán an Choimhthigh, Co. Cork