School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 062

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 062

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 062
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí fear i gCléire, agus cuaidh sé ina codladh oidhche amhain, agus do thosnuigh sé ag taidhreamh. Do thaidhreamh sé go raibh próca óir shuas in áit éigin i gCnoch Cairntín. Thíl sé go mbeadh sé saidbhir go deó leis á bhfeadfhadh sé é fhághailt. An maidin na dhiaidh sin nuair d'eirig sé d'ith sé a bhreicfeast agus níor leog sé aon nídhe ar. Dubhairt sé leis feín go raghadh sé suas ar an gcnoc i lorg an óir, agus ná neósfhadh sé dóibh in aon-chor sa bhaile cá raibh sé ag dul go dtí go dtiocfhadh sé thar nais leis an próca óir. Annsan fuair sé rán agus slúasad agus d'imthig sé leis go dtí an áit. Nuair a bhí sé cómh fada leis an áit do thosnuig sé ag deanamh poll, agus níor stad sé go dtí gur dhéin sé poll a bhí sé trighthe, nú níos mó i ndoimineas, agus mo creach is mo cás ní fhuair sé an t-ór.
    Nuair a bhí sé truiseach ó bheith á lorg do cuaidh sé abhaile, agus bhí sé cómh olch is a bhí sé riamh.
    Fuaireas ó: Seán Ó Ríogáin, Cnocán-na-Caoithig,
    Bhailig: Proinséas de Búrca, Trá Chiaráin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.