Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Cork
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 060

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 060
  3. XML “An Triúr Driotháir san Oileán Uaigneach”
  4. XML “Cuan Dor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do bhí coíllte a teacht anuas go dtí an fhairrge. Do cheangaluíodar an long do chrann agus d'imitigheadar féin isteach fén dtír. Ní fheacadar aoinne agus níor bhuail aoinne leó. Luigheadar annsan ar a bheith ag obair is a gnótha ar feadh seacht mblian. I gcionn na seacht mblian labhair duine aca,
    "Airighim géim bo," ar seisean. Níor thug aoinne aon fhreaga air. D'imtig seacht mbliadhna eile thórsa. Labhair an dara fear annsan agus dubairt sé, "Canad?" D'fhan an scéal mar sin go ceann seacht mbliadna eile. "Mara n-eistighidh sib," ars an tríomhadh fear, cuirfear as so sinn.
    Bailig: Seósamh Ua Drisceóil, Cnocán na mBáirneach
    Fuair seisean ó: Mhicheál O Síothcháin, Ardgort
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. In mifghil (?) aoibhinn na león (?)
    Tá baill ann is gleóidthe le hiad(?)
    An Rí tug dóibh misleacht is meón
    Agus aoibhneas seóda thar hiach
    Ach díobh san mór thímpal na Fódhla
    Im chroidhe istig, is mó tugaim buadh
    Don rinn sinn is mín ghlaise flós
    Cuan Dor gan bhrón is gan ghruaim.

    (II)
    Ba bhian leat san oidhche Boggheoin (?)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seósamh Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnocán na mBairneach, Co. Cork