School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 055
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear i gCléire uair amháin agus bhí sé na chómhnaidhe i dtig a mhuinntir. Buaileadh breóidhte duine sa tig agus cuireadh an fear seo i d-iarraid an sagart. Bhí san go maith is ní riabh go holc. Tháinig an Sagart pé sgéul é agus chuir sé an Ola Dhéanach air. Bhí sé ag imtheacht abaile arís is cuireadh an fear seo 'na theannta mar chuideachta toisc go raibh an oidhche ann. Bhíodar ag imteacht leo go dtí go dtángadar go áit caol idir dhá chnoc ar a dtugtar Cnoc a Craoidhthig anois.Bhíodar ag cainnt is a cad'ráil is cur tré chéile go dtí go dtánadar go Cnoc a' Craoidhthig. Annsan chas an Sagart tímcheall is dubhairt sé leis an fear dul abaile, ach ní raghadh. Fé dheire thug an Sagart clabhta dho is dubhairt sé leis dul abhaile. Anois is do chuaidh sé thar nais beagán.Chonnaic sé an Sagart ag "boitineáil" a chóta is ag fághail ollamh mar duine a bheadh ag dul ag troid. Annsan luig sé síos cois an chlaidhe go dtí go ndeachaidh an Sagart as a radharc. Annsan chuaidh sé ag lámhacán cois na gclathach go dtí go dtáinig sé go cúinne an chlaidhe. Annsan chonnaic sé an Sagart ag imteacht síos an bóthar is é ag tacáil ó thaobh taobh a' bóthar agus spairteacha ag imtheacht ó thaobh taobh an bóthar mar a chéile. Nuair a chonnaic an fear sin tháinig scannradh air is theich sé abhaile ar a dícheall.