School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 053

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 053

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 053
  3. XML “An Aimsir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Aimsear
    Rann I dtaobh an aimsir
    Aer dearg theas, mil ar gach meas
    Aer dearg thiar, gaoth agus grian
    Aer dearg thoir, sneachta go fríoth
    Aer dearg thuaidh, bainne do bhuaibh.
    Rann eile i dtaobh míosa na bliadhna
    Eanáir gruamdha dorcha duirc,
    Feabhra fluich gach lá neamh-shuairc,
    Márta meirgeach gaothmhar cruaidh,
    Abrán braonach méileach nuadh,
    Bealtaine buaidh bhreith luíghreach laoigh,
    Meitheamh meidhreach niamhrac líth,
    Iúil brothallach biadh go gann,
    Lúghnasa líonmhar torthúil teann,
    Féil Mhíchíl ciallmhar deinntear stácaí,
    Fuigheall Fóghmhair biadhmhar baintear prátaí,
    Samhain silteach díonnuig bhúr dtighthe,
    Nodlaig oidhreach déin óil is ithe.
    Cómharthaí na hAimsire
    Goilleann teacht na droch-aimsire ag lucht dathacha ag seana-chnámha. Tagann pianta geara ortha. Iad seo go mbionn fadharcháin ortha bíonn a mbróga a'luighe ortha. Cromann éanlaithe snáimh ar iad féin do shearradh agus ar a sciatháin do bhualadh agus bíd ag glágarnaig le h-áthas. Scéimeanna fainleóga go hana íseal san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Seósamh O Drisceoil
    Gender
    Male
    Address
    Cnocán na mBairneach, Co. Cork