School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 051

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 051

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 051
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal an Tairbh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a déarnas an bád úd den Cháitín Ó Cléire.
    Ach an chudh rith do'n darraig do fhás sa Gleann Gairbh,
    A déarnas an bád úd den Cháitín Ó Cléire.
    Bhailig: Cáit Ní Drisceoíl, Cumolán
    Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil, Cumolán
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí fear i gCléire fadó agus do bhí tarbh buille aige. Ní raibh na báid cómh aíseach igCléire in ao'cor an aimsir sin agus atáid anois. Báid bheaga maidí a bhí aca. Do thaínig ceannuígtheóir stoic san oileán agus do cheannuig sé an tarbh. Do thug sé bád ó Inis-í-Drisceóil isteach roimhis agus fir láidire inti. Do tugadh an tarbh go Fiail Cúá agus do chuireadar teud sa stróinín a bhí ina smut agus dubhradar leis an bfear a bhí air an dtráig, "má sé an fear mór é tabharaimíd linn é."
    Do chuireadar a gcúrsa ar Thrá Crú in Inis Arcáín. Bhí san go maith is ní raibh go holch cionnas a bhí ach gur tháinig sé anuas na smúrabhán dubh le ceó, ins a chás na feicfá poll in dréimire. Do bhíodar ag iomradh agus ag iomradh in sa chás go ndubhradar lé chéile go rabhadar amú. Do thuit an oidhche agus ní rabhadar ar aon talbh ach an taoidhe thuille ag baint na mbonn uatha. Ach le toil Dé do chualadar cainnt ar a gcóngar in áit éigin - Cad a bheadh ann ach bád beag ó Chléire i bfál Oileán a bruc agus í ag marbughadh éisg. Do labhair ceann d'fearaibh Ínsí Drisceóil agus d'iar sé cé bhí ag cainnt annsan. "Tá bád ó Chléire," arsa duine eile dá fhreagairt, "A ghrádh Dia," arsa fear Inis í Drisceóil, "cá bfuileann sibh annsa." "Táimíd i bfál Oileán 'a Broch," arsa fear Cléire, " agus casuighidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Drisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Tomás Ó Siothcháin
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Comalán, Co. Cork