School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 049
- XML “Máire Tóibín”
- XML “Scéal”
- XML “Lá le Micíl, An Púca san Fharraige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an ón bfairrge nó ón ndúthaig amuich do thánadar ach pé nídh é ní fheacathas igCléire ó shoin í agus ní raibh aon cathú ortha ina diaigh.Bhailigh:- Cáit Ní Drisceóil, Cumolán
Fuaireas ó: Nóra Bean Uí Drisceóil - Do bhí bean ina cómhnuidhe amuich sa dúthaig fadó agus do thuit sí féin agus a fear amach lé na chéile. Do chualaidh sí trácht ar Naomh Ciarán a bhí ig Cléire agus do tháinig sí istheadh chuige agus d'iarr sí dhe mar seo:-"A Chiaráin Gléigeal aniar ó Chléire, fiariam féin díot cad a mharbeóchaidh mo fhear."D'freagair Naomh Ciarán í mar seo:-"Tabhair plúr mín gléigeal do agus sioc bhainne caora agus tabhair do i naghaidh'n lae é i n-eirbeall theas."Do chuaidh sí abaile an lá ina dhiaidh sin agus do thug sí an rud a dubhairt Ciarán lei dá fear gach lá agus in ionad é do mharbhú is amhlaidh a dhein sé rabhar sláinteamail é.Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán
Fuaireas ó: Ciaran Ó Drisceóil - Do bhí flít bád ag iasgach thíos i nDún Garbháin aon uair amháin agus do réitigh fear le captaen chínn aca go ragadh sé ag iasgac ina theannta go dtí Lá Lé Michíl. Ach oidhche Lae Michíl nuair a bhí am tairrce suas aca ar an Mig arsan fear lé na mháigistir, "beidh fear ar dtír romhat annocht ar an gCé agus fiafróchaidh sé dhíot an teud a chaitheam ar dtír chuige ach ná dein rud air,"(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Ciarán Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Comalán, Co. Cork