School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 048

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 048

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 048
  3. XML “Máire Tóibín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do thainig bád beag istheach istheach sa Chuas Leathan lá tímcheall cead bliadhain ó shoin, go raibh fear agus bean innthi. Do chuir an bhean ar dtír ann agus d'fág sé sa chuas í agus d'imthig sé féin amach chun fairrge airís. Bean mhór ruadh dob eadh í agus d'fhan sí sé nó seacht seachmhaine san Oileán.
    Do bhí iasgaireacht ar siubhal san oileán an aimsir sin agus do bhíodh na fir go léir ag iasgach is dá bhrígh sin, ní bhíodh sa bhaile ins na tigthe ach na mná. Nuair a bhíodh an biadh beirighthe ag's na mná do thagach sí (Máire Toíbín) istheach cúatha agus do baineadh sí an biadh díobh agus d'íosfhadh sí oireadh lé seisear. Do bhí sí dhá dheunamh san ar feadh sé seachtmhaine go dtí aon lá amháin tháinig fear abhaile ó bheith ag iasgach agus ocrus maith air ach cionus mar a bhí acht a mháthair marbh nách mór ag Máire Tóibín agus a raibh do bhiadh sa tig iththe aice agus í sínte ar chóra mhór ag stranntainig. Nuair a chonnaic an iasgaire é sin, do fuair sé maide dríon agus do dhún sé an dá dhorus agus ní misde dhom a rádh ná gur théithig sé na cliatháin go maith di. D'imthig sí an dorus amach agus thug sí a hagaidh ar an gCuas Leathan agus níor tháinigh sí in aon tig eile as san amach. Isé an áit codhlatha a bhíodh aice ná poll atá idir dá chairrig sa Chuas Leathan go dtugtar Póll Máire Tóibín air agus tá an ainm ar an bpoll go dtí an lá indiu.
    Tráthnóna breág mín geal do tháinig an bád beag ceudhne agus an fear do chuir ar dtír í agus do thug sé an bóthar ceudhna amach í is ní fios
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ni Drisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Nóra Bean Ui Drisceóil
    Gender
    Female
    Age
    40
    Address
    Comalán, Co. Cork