School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 046

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 046

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 046
  3. XML “Scéal an Bhacaigh”
  4. XML “A Codladh, Airiú a Théann Gach Naon sa Tír”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an Gleann air. Do bhí sé ag deanamh ar thig a bhí idir é féin agus Tig a' tSoluis, agus é ina ainiseóir bhocht. Do chait sé gabháilt trí na páircheanna, agus do thárla go raibh tarbh i bpáirch. Conus a bhí acht do thóg an tarbh a ceann agus nuair a chonnaich sé an bachach d'imthigh sé ina dhiaidh.
    Acht sé an rud a dhéin an bachach ná an dhá mhada uaid, ins sa chás ná'r táinigh an tarbh suas leis do thug sé an chlaoidhe uaidh. Do léimh an bachach n'aon claoidhe chun go ndeigheadh sé amach ar an mbóthar, agus ní misdhe a rádh ná gur bé an buachaill iadhthrom é. Níor stad cos leis chun go dtánaigh sé go ceann thoir an Oileáin. Ó'n Ceann Thoir a bhí an post dhá rith san aimsir sin, agus do chuaidh sé amach le bád an phuist, agus ní feachadas i gCléire riamh ó shoin an bachach. Is dócha gur mó bachach nách é do tagaidh go Cléire ins an tsean-aimsir, a bhiodh ina rógairí.

    Bhailig:
    Máire Ní Drisceóil,
    Cumolán

    Fuaireas ó
    Tomhás Ó Siothcháin,
    Cumolán
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí sagart i gCléire timcheall le ceadh bliadhan ó shoin, agus bhí long tobach ag teacht chuige. I gCumolán a bhiodh tig an tsagairt san aimsir sin, agus is dócha gur i gCuas a'Dubhglais do bhí an long ag teacht chun an tobach do chuir ar dtír. Do chuir sé an a raibh do fhearaibh i gCléire ag obhair ag deanamh poíll chun an tobach do chuir i bhfollach nuair a thiochfad sé ar dtír. Bé bhfada leis go raibh sé ag theacht agus na poill deantha aige. Seo mar a dhubhairt sé annsan.

    A codhladh airiú, a théigeann gach naon sa tír,
    Ní a codhladh airiú, a théigheamh se, mar ní féidhir liom luighe
    Acht feuch a bhfeichinn in aon cor, Ó, Laogh mo Croidhe.

    Tá dathacha um taobh agus um géaghaibh shíos
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Drisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Ciarán Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Comalán, Co. Cork