School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 035
  3. XML “Bean an Ghalair agus Iasacht Léine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus aicíd uirthi agus ní raibh aon rud a déanamh aon leigheas di. Dubhrathas léi dul go dtí bean ná beadh aon rud ar saoghal ag déanamh buartha di ná aon trioblóid uirthi agus léine d'fháilt ar iasacht uaithi agus go leighisfeadh an léíne í. Bhí san go maith agus bhí sí ag machtnamh di féin cé hí go raghadh sí chuici chun an léine d'fháilt uaithi. Chuimhnigh sí annsan ar bhean gur tuigeadh di dar léi ná raibh aon easnamh ná aon trioblóid sa tsaoghal uirthi, ná aon ruk a' déanamh aon bhuaidreamh di.
    Chuaidh sí ag triall uirthi agus innis sí a cás di chun go leigheasfeadh sé í, mar dubhradh lei gur óna leirhéid go raibh leigheas le fáil. D'innis an bhean eile a sgéal féin annsan ach d'iarr sí uirthi gan aon rud a rádhmar gheall air go dtí go mbeadh sí féin is a fear marbh.
    Seo mar d'innis sí: "Bhíos annso", ar sí,"agus bhí Cáirdeas Críost liom ar an mbaile agus ní raibh aon lá ná tagadh sé isteach is dearguíodh sé a phíp is tugadh sé an phíp le nól dom. Lá tháinig m'fhear féin isteach is mé ag ól na pípe uaidh. Níor dhein sé ach déanamh ar thuaigh a bhí ann is do bhuail sé an Cairdeas Críost is do mhairbh sé é. Tá sé curtha annso fé lic a' tinteáin is níl fhios ag aoinne dá mhaireann cá bhfuil sé. Is mo thrioblóid-se féin ná do thrioblóid-se , cé ná measann aoinne gur mar sin atá.
    Bhailigh: Seósamh O Drisceoil, Cnocán na mBairneach.
    Fuair seisean ó: Finghinn ó Drisceoil, Cnocán na mBáirneach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    2. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Seósamh O Drisceóil
    Gender
    Male
    Address
    Cnocán na mBairneach, Co. Cork
    Informant
    Finghinn O Drisceoil
    Gender
    Male
    Address
    Cnocán na mBairneach, Co. Cork