School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 031

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 031

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 031
  3. XML “Paidir na Tromluí”
  4. XML “Triúr Mac Feirmeora a Chuaigh ag Foghlaim Béarla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Íosa, Aon Mhic Athair Mhic a thuain, bí im thimpal im' choinleach, im aire ins gach uain, im luidhe dhom, im shuidhe dhom, im chodhladh is im shuain, i ndíbirt gach smaointe mallaighthe uaim.
    II
    Anna, máthair Mhuire, Muire máthair Chríost,
    Eibhlis ó Máire mathair Naomh Eoin Baiste,
    Cuirim a dtriúr ar cholbha mo leabthan,
    Am saoradh ar gach ann-sprid tá ar mo thí.
    Cuirim mo aithchuinghe chughat a Chros na Meann,
    Cuirim mo ghuidhe chúghat ó chrann go crann,
    do céasadh Críost im shaoradh ar aicídí na leapthan agus an tromluidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
      2. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Seósamh O Drisceóil
    Gender
    Male
    Address
    Cnocán na mBairneach, Co. Cork
    Informant
    Cáit B. Uí Choinghealaigh
    Gender
    Female
    Address
    Lios Ó Móine, Co. Cork
  2. Triúr Mac Feirmeóra a chuaidh ag foghluim Béurla
    Bhí triúr mac ag feirmeóir agus ní raibh aon fhocal Béurla aca. Dubhradar le na chéile gur mhór an náire dóibh é ag dul ar aonach agus margadh ag ceannach agus ag díol a gcoda gan aon fhocal Béurla na bpus. D'imtigheadar ar maidin Dé Luain agus chuadar ar chrosaire na gceithre Rian. Bhaineadar geallamhaint dá chéile nuair a bheadh an Béurla aca casadh ar an gcrosaire chéudna arís.
    Annsan d'imtig gach aoinne aca a bhóthar féin agus a gcluasa anáirde féachaint cá gcloisidís aon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.