School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 029
  3. XML “Scéal - An Samhradh Daor”
  4. XML “An tAthair Labhrás Ó Mathúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ní raibh sí acht díreach taréis feuchaint ar an gchórtha, nuair a gaibh bean siubhail isteach ag lorg déirce uirthi. Ní fheadar sí an shaoghal cadh a dhéanfadh sí, mar ní fios cadh é an neómat a beadh a muínntear sa bhaile agus gan aon níd ollamh aici ina gchóir mar bhíodar amuig le seachtmhain uaithe. Dubhairt sí ina aighne féin b’féidir go bhfhaighidís sin cabhair éigin ó luinghise; mar a bhfagidís cad a dheanfadh sí in aon chor agus gan aon níd ina gchóir aici. Mar sin féin ba dheacair léi í do itheach, agus do thug sí a raibh sa cortha do'n bhean bhocht.
    Ní raibh an bhean bhocht acht imtighthe nuair do chuaidh bean na tíge ar an gcnoch, ach cad a cíthfeadh sí ach bád a muinnthire agus í ag teacht ar dtír in Inbhear. “Ó Dia lém’ anam,” ar sise, “cadh a dheanfadhmé, tá mo mhuinntir amuigh le seachtmhain, agus gan greimh bídh agam le tabhairt dóibh.” Do chuaidh sí isteach abhaile annsan agus d’feuch sí sa chóthra feuch a raibh aon scriobadh ann, acht “le Toil Dé”, conas a bhí acht an cóthra ag sgéith amach le órna. Do shéid an tseana-bhean bocht í féin ar a dhá glúin ag tabhairt a buidheachas le Dia i dtaobh an mírúilt a bhí deanta aige.
    Bhailig: Máire Ní Drisceóil, Cumolán, Inis Cléire.
    Fuareas é seo ó: Ciarán Ó Drisceóil, Cumolán, Inis Cléire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An chead lá riamh a tháinig an tAthair L. Ó Mathúna go Cléire; is dá aimhdheóin a chur an t-Easpog ann é. Tá sé timcheall le ceud bliadhain anois ó bhí sé ann. Lá le’n Seághain an chéad lá a tháinig sé ann. Seo mar a dubhairt sé:
    I
    Lá le’n Seághain in Oileáinín Cléire.
    Geallaimh sa dhibh se mara mbeadh an tEaspogh is a dhlighthe na thiocfainn se coidhche inbhúr néileamh
    Acht ó chaitheas sa sríoca aichiním ar Chríost Geal an rath go dtiocfadh ar dthír chúghaibh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Drisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Ciarán Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Address
    Comalán, Co. Cork