School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 021
  3. XML “An Scairtín Uaine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Scairtín Uaithne
    Buachaill agus cailín a bhí a' dul ar aon scoil amhain le cois a chéile agus bhíodar araon ana ceanamhail ar a chéile. Nuair a bhídís ag teacht ón scoil uaireanta á mbuailfeadh cioth iad, do leathfadh saoi a brat de druim na scairte chun díon a dhéunamh dóibh chaitheamh a' ceatha. Bhí leas-mháthair ag a gcailín agus nuair a bhí an buachaill óg so cuin pósta, do dhein a leas-mháthair cleamhnas le na h-inghean féin leis.
    Oidhche a' chleamhnais dubhairt a' comradá scoile bhí aige:
    Dia agus Muire dhuit a scairtín uaithne,
    Mar is minic a chuireas-sa cuireadh a lae cruaidh ort,
    Nuair a leathainn mo bhrat síoda síos agus suas ort,
    Ag deúnamh dín don tSiogaidhe uasal.
    Órú 'Siogaidhe agus a laoigh croidhe mh anama,
    Ní neósfainn féin duit dhá dtrian mh eachtra,
    Is í an fhuiseóg ós mo chómhair í ar maidin domh,
    Agus is í an airc luachair do coirigheann leabaidh dom.
    Is é biolar na habhann agus dliosc na fairrge,
    Agus droch-uisge a'chromtáin is é is beatha dhom.
    Athair, Athair, Athair na ndrólann
    Do dhein mo leasmháthair rud nár cóir dí;
    Do bhroinn sí an t-each d'inghin an ósta,
    Agus an ceann ramhar do bhí ar mo chóiste;
    Do chuir sí don choill ag crúdh na mbó me,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Drisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Donnchadh Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Age
    26
    Address
    Comalán, Co. Cork