School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 015
  3. XML “Scéal”
  4. XML “An Captaen agus an Sagart”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is minic a théigheadh na fir ag iasgach ar Ceann Róin atá laistiar den tSeanaChaisleán, fadó shoin. Lá dá raibh seisear nó mór-sheisear des na fearaibh ag dul ag iasgach do thárla go raibh fear leath-chaoch in diaidh na coda eile agus é ag iarraidh an bheart do bhaint amach. Ag gabháil tar an caisleán do thug sé fé ndeara ós a chionn fear óg agus a cheann amach fuinneog an Chaisleáin. D’fhéach sé roimhe arís ag féuchaint an t-slighe agus cad a bheadh ar an gcasán roimhis ná maide breagh agus ceann óir air. Thóg sé chuige é. Ní fheaca aoinne des na fearaibh eile an fear san.
    Chuaidh an fear a bhí leath-chaoch abhaile agus an bata siúbhail ceann órdha aige 'na láimh. Chuaidh an ráfla tímcheall. Chualaidh an Sagart é. Tháinig sé chun an fhir agus bhain sé an bata dhe. Ní cualathas trácht riamh ó shoin ar an maide sin bíodh gur gearr ó shoin a thárla an gníomh san.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí máirnealach ann fadó agus lá amháin tháinig sé ar dtír. Chuaidh sé isteach tríd an sráid agus casadh séipéal Catoilicí air agus dubhairt sé leis féin gur mhaith an gnó dhe dul chun Faoisdine mar gur dócha go raibh sé fiche bliadhain ó bhí sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Máireéad Ní Shíothcháin
    Gender
    Male
    Address
    Lios Ó Móine, Co. Cork
    Informant
    Tomás Ó Síothcháin
    Gender
    Male
    Age
    52
    Address
    Lios Ó Móine, Co. Cork