School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 013

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 013

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 013
  3. XML “Drom an Uair agus Tógáil na nDaoine”
  4. XML “Scéal Eile mar gheall Orthu”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Annsan sgaoileadh amach í agus togha fir Oileán Cléire ag faire uirthi. Bhí sí trí lá gan uisge a dhéanamh. Ar aghaidh léi an tríomhadh lá go bruach na faille agus b’shin an chéad uisge a dhein sí. Fuaireadh é agus do sábhaileadh an bhean.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí beirt bacac i gCléire fadó. Tadhg Mór ÓSíothcháin a bhí mar ainm ar duine aca. Do bhí duine aca ag gabháil le Dream an Uair ó Chiarraighe agus Tadhg Mór ag gabháil le Dream an Uair ó Chorcaig.
    Do chuaidh an bacach Tadhg Mór abhaile chuig a mhuintir tráthnóna agus dubhairt leó, “Anocht ar an gcnocán sin thall,” ar seisean, “a throidfear an troid is mó dár troideadh riamh i gCléire. Má bhuadhann mo thaobh-sa, beidh dhá chos agam-sa amáireach, agus gan aon chos ar an duine eile.” "Go deimhin, a Thaidhg,” ar sa athair, "ní fhágfaidh tusa an áit seo anocht.”
    Idir a athair agus a mháthair a chodail sé an oidhche sin. Ach nuair a dhúisigheadar ar maidin bhí Tadhg imthighthe. Ghabhadar amach agus chonnacadar Tadhg ar an gcnocán gan briseadh ná brúghadh air ach é slán folláin agus dhá chois air ag rinnce. Roimhis sin glaodhtaí “Cnocán an Tobair” air, ach ó shoin i leith glaodhtar “An Iomaire Ruadh” ar an gcnocán san.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Síothcháin
    Gender
    Female
    Address
    Lios Ó Móine, Co. Cork
    Informant
    Tomás Ó Síothcháin
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Lios Ó Móine, Co. Cork