School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 012
  3. XML “Altú na mBacach lena nDéirc”
  4. XML “Drom an Uair agus Tógáil na nDaoine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Althú na mBacach le'na nDéirc."
    Ofráilim an paidir trocaireach so le hintinn anam grádh dhó. Má tá cor, pian, peaca na prugadóireachta, fuighil foistine, baois óige, dearmad Aifrinn, smúit nó smál ón saoghal so, briseadh lae Aoine nó Domhnaigh, a teacht i gcoinnibh anama, Dia agus Muire agus Mícheál, an dá Aspal déag agus A cúirt aingilí glórmhara, tabhair fuasgail, fuairint agus saor-bhraighdeanas chun flaitheamhnachas síoruidhe dar n-anam.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Síothcháin
    Gender
    Female
    Address
    Lios Ó Móine, Co. Cork
    Informant
    Peig Bean Uí Drisceóil
    Gender
    Female
    Age
    72
    Address
    Lios Ó Móine, Co. Cork
  2. Drom an Uair agus Tógáil na nDaoine (Fíor)
    Bhí sean-bhean i gCléire fadó in aimsir Drom an Uair agus Máire Ní Shéaghdha (mhair sí i Lios-a-Móna) ab’ainm di.
    Nuair a bhí sí tímpal meadhan-aosta sgiob an dream seo leó í. Bhíodar go minic istoidhche i dtigh. Oidhche amháin dá raibh fleagh aca i dtigh san Oileán, tímpal meán-oidhche, bhí muintir a’ tighe ‘na gcodladh i seomra in aice na cistinne, ach bhí dream an uair do-fheiscithe. I lár na hoidhche tháinig bean a’ tighe go dtí an chistin i gcóir deoch agus nuair a chuaidh sí treasna na cistinne do mhothuigh sí pian ‘na glúin agus chuaidh sí go dtí an leabaidh agus d’fhan ann. An lá ‘na dhiaidh sin tháinig “Máire Ní Shéaghdha” agus dubhairt gur í féin a chaith fo-chupán léithe mar dá gcaitheadh aoinne eile é bheadh sí níos measa, agus dubhairt Máire go mbeadh sí maith go leor ach trí braonacha d'uisge bó riabhach do chur air. Do cuireadh an bhó riabhach isteach sa stábla agus bhí sí ann ar feadh naoi lá gan aon uisge a dhéanamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.