School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 007
  3. XML “Rudaí a Ceapadh Anseo 'sé mo Thuairim”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. “Cuir bull dubh agus bull dubh fhásfaidh.” (Cad a dhéanfadh mac an chait...)
    Chloisin mo mháthair agus daoine eile a rádh gurab é sin an rud a deireadh Paddy Dawly.
    (Pádraig Ó Dálaigh, mhair sé in Árdghort áit a raibh feirm aige. Bhí tig tábhairne sa Chumar ‘na dhiaidh san aige.
    Tá sé marbh le 40 eigin bliadhan.
    “Ní leogfadh Bill Mór leo é.”
    Fear mór ab’ eadh Bill Mór Ó Céadagáin. Mhair sé i gCoinlín. Tá sé marbh suas le 60 bliadh. Pé nídh a deanfaí leis bheadh sásamh aige. Deirtear anois leis é le duine go mbeadh a shára aige as pé nídh a bheadh ar siúbhal.
    “Bíonn deire caol ar an magadh.”
    Seán na Páirce (Ó Drisceoil) dubhairt é sin. Tá Seán marbh le 30 bl. Mhair sé sa Ghleann.
    “Chomh láidir le Conchubhar ‘ac Éireamhon.”
    Cloistear tuille mar gheall air sin amach annso.
    Deirtear annso go gcaithfear an Protastúnach deirneach a bheidh sa dtír seo síos le faill atá ar an dtaobh thiar don Oileán. Faill Dhiarmada an ainm atá air.
    Ar an dá thaobh tá Faill Fhada agus Tón na 'madáin. I dTón ma 'madáin tá na Fir Bhréaga: eadhon: clocha móra árda go gcuirtí éadach ortha fadó chun scannradh a chur ar daoinibh a bhíodh a tabhairt fógha fén Oileán. Bhíodh watch tower ann leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish