Do bhí beirt fhear ó Chléire sa Sciobairín fadó agus bhí fear ón ndúthaig amuich, a’ caint leo, istig i siopa. Le bád a chuadar ann, agus ars duine d’fhearaibh Cléire le na chomráda, “Is gearr go mbeidh tuille ann”. Do bhí fear na Dúthaighe ag eisteacht leis. “Cad é sin agat dá rádh?” ars fear na dúthaighe, “Dar ndóigh níl aon tuille indiu ann, na aon deallramh báistidhe”. Ars fear Cléire ‘á fhreagairt, “Da mbeadhfá-sa agam-sa i nGasconán (an súnta idir Inis Arcain agus Cléire) anáirde, do neósfainn-se duit, cathain a thiocfadh lá tuille gan baisteach.