School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 005
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí beirt fhear ó Chléire sa Sciobairín fadó agus bhí fear ón ndúthaig amuich, a’ caint leo, istig i siopa. Le bád a chuadar ann, agus ars duine d’fhearaibh Cléire le na chomráda, “Is gearr go mbeidh tuille ann”. Do bhí fear na Dúthaighe ag eisteacht leis. “Cad é sin agat dá rádh?” ars fear na dúthaighe, “Dar ndóigh níl aon tuille indiu ann, na aon deallramh báistidhe”. Ars fear Cléire ‘á fhreagairt, “Da mbeadhfá-sa agam-sa i nGasconán (an súnta idir Inis Arcain agus Cléire) anáirde, do neósfainn-se duit, cathain a thiocfadh lá tuille gan baisteach.
- Collector
- Máire Ní Driscóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Ciarán O Drisceóil
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Do bhí ministéar ann aon uair amháin agus do bhí sé marbh le tinneas fiacla. Do bhuail fear uime ar an mbóthar agus d'iarraidh an ministéar don fhear an raibh aon leigheas aige do thinneas fiacla. Acht sé dubhairt an fear leis, "Suidh annsan go fóil agus tabhairfidh me urra na fiacla duit."
Séid at fhiacal agus pianta nimhe innte, agus na fágaidh an pian seo do fhiacal coidhche.