School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 001
  3. XML “An Tobac Míshaolta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'An Tobac Mí-shaoghaltha'
    Tá suas le céud bliadhain ó shoin ó bhí seanduine ag baint phrátaí thuaidh annsan i nGort na nGrúch. Ní raibh tobac ana raidhseamhail 'sna laetheannta san agus bhí cíocras i gcroidhe an t-sean duine seo i ngal.
    D'réir mar a bhí an lá á chaitheamh do bhí a méadú ar a dhúil sa ghal. Sa deire do bhris ar an bhfoidhne aige agus do bhain sé de a chaipín agus d'iarr go dúrachtach ar Dhia, blúirín éigin tobac a seóladh chuige. "Bheirim ón Riabhach!" ach an chéad fód eile a chaith sé amach ná go raibh píopa breagh istigh ann agus é lán go béul. Chrom sé agus thóg sé an píopa agus d'ól sé a dhóthain.
    Nuair a bhí sé sásta do leag sé an píopa thairis sa chlais agus pé féuchaint a thug sé thar a ghualainn do bhí an píopa imtighthe chomh imthighthe is da mba na raibh sé riamh ann.
    Thug Caitlín Ní Dhriscoil (sgoláire) an sgéul san chúgham. Fuair sí óna máthair, Máire bean Uí Dhrisceóil, Cumolán, Oileán Cléire é. Tá Máire 51 bliadna. Fuair Máire ón a máthair é. Tá sí sin marbh ó 1932. Bhí sí 70 bliadhna nuair fuair sí bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Driscoil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Máire Bean Uí Drisceóil
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    51
    Address
    Comalán, Co. Cork