School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 001
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'An Tobac Mí-shaoghaltha'Tá suas le céud bliadhain ó shoin ó bhí seanduine ag baint phrátaí thuaidh annsan i nGort na nGrúch. Ní raibh tobac ana raidhseamhail 'sna laetheannta san agus bhí cíocras i gcroidhe an t-sean duine seo i ngal.
D'réir mar a bhí an lá á chaitheamh do bhí a méadú ar a dhúil sa ghal. Sa deire do bhris ar an bhfoidhne aige agus do bhain sé de a chaipín agus d'iarr go dúrachtach ar Dhia, blúirín éigin tobac a seóladh chuige. "Bheirim ón Riabhach!" ach an chéad fód eile a chaith sé amach ná go raibh píopa breagh istigh ann agus é lán go béul. Chrom sé agus thóg sé an píopa agus d'ól sé a dhóthain.
Nuair a bhí sé sásta do leag sé an píopa thairis sa chlais agus pé féuchaint a thug sé thar a ghualainn do bhí an píopa imtighthe chomh imthighthe is da mba na raibh sé riamh ann.Thug Caitlín Ní Dhriscoil (sgoláire) an sgéul san chúgham. Fuair sí óna máthair, Máire bean Uí Dhrisceóil, Cumolán, Oileán Cléire é. Tá Máire 51 bliadna. Fuair Máire ón a máthair é. Tá sí sin marbh ó 1932. Bhí sí 70 bliadhna nuair fuair sí bás.- Collector
- Caitlín Ní Driscoil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Máire Bean Uí Drisceóil
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 51
- Address
- Comalán, Co. Cork