School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (roll number 13762)
- Location:
- Castletownbere, Co. Cork
- Teacher: An tSr. M. Rosáraí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa ceanntar seo deirtear nuair a cíthtear Maighdean Mara gur droch chomhartha é agus go bhfuil bás i ndán do duine éigin. Ach tá daoine eile sa ceanntar leis nach bhfuil ar aon aigne leó san. Seo sgéal a fuaireas a cuireann im'aigne nách droch chomhartha iad d'feisgint.
Tá bean in a comhnuidhe in aice mo thig-se. Máire, Bean Uí Shúilleabháin is ainm di. Síothcain a b'ainm di roimh pósadh. Iasgaire dobh eadh a sean-athair agus bhí clann mór aige le chothú. Pádruig Ó Síochchain darb ainm dó.
Lá amháin bhí an fear seo ag iascac in aice áit ar a dtugtar Caladh Ros, timcheall leath mhíle ó'm thig. Ní raibh puinn éisg le bhreith aige agus bhí sé i gcrúdhcás mar bhí sé ana bhocht ar fad.
Chualaidh sé fuaim éigin in a aice. D'fhéac sé síos, agus bhí bean deas aluinn in a aice. Bhí a gruaig go h-an-fhada agus cheap sé dá mbeadh sí 'na seasamh go mbeadh sé "ag folach a broga síos go féar". Bhí an cuid uachtar di cosamhail le mná, act bhí eirbeall uirthe cosamhail le trosc mór óg. Níor fhág breaghthacht a ghne á cheann do dtí an lá(continues on next page)- Collector
- Éibhlín Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Collorus, Co. Kerry
- Informant
- Máighread Bean Uí Donnchacha
- Gender
- Female
- Address
- Lauragh, Co. Kerry