School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (roll number 13762)

Location:
Castletownbere, Co. Cork
Teacher:
An tSr. M. Rosáraí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0278, Page 032

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0278, Page 032

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara
  2. XML Page 032
  3. XML “Oícha Shamhna - Nósanna agus Piseoga sa Tuath Seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tuiteann Oidhche Shamhna ar an oidhche roimh an céad lá de mhí na Samhna. Bíonn spleís mór i ngach tig an oidhche sin. Tá a lán nós agus piseóga ag baint leis an oidhche sin.
    Is gnáthach go bailigheann páistí an bhaile go léir isteach i dtig amhaín agus go gcaitheann siad tosach na h-oidhche ann.
    Geibheann siad tubán uisce, cuireann siad cúpla ubhall isteach ann agus bíonn siad ag iarraidh na h-ubhla do thógaint amach le'n a mbéal gan lámh do chur ortha. Nós eile iseadh ubhall do chrocadh ón síleáil agus bíonn siad ag iarraidh breith ar an t-ubhall le'n a mbéal gan lámh do chur air. Uaireannta leis téigheann na buacaillí amach agus bíonn trillseán aca ag breith ar éin. Nuair a chíonn an h-éin an solus cuireann sé míorán ortha agus eitilligheann siad i dtreó an trillseáin agus nuair a bhuaileann siad i gcoinnibh an trillseáin marbhuightear iad.
    Deirtear go bhfaigheann anamnacha na marbh an oidhche sin saor agus go mbíonn siad ag dul mór thimcheall ag impighe orainn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Lyre, Co. Cork