School: Tibohine (roll number 15544)
- Location:
- Tibohine, Co. Roscommon
- Teacher: Úna Ní Thiomáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tibohine
- XML Page 196
- XML “Tigh Baoithín - Tibohine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tigh-Baethin in Airteach. Sin ainm na tíre atá ag dul síar ó Dún-gar go dtí abhainn na Luinge agus ag síneadh ó thuaidh go dtí in aice leis an gCaisleán Riabhach. Badh é Mac Diarmada an t-Árd Tighearna nó an taoiseach nó mar a dubhradh go minic "An Rí" do bhí ar an tír seo.Deir leabhar Leacan - Mac Diarmada Rí Máighe Luirg agus Airtigh agus tíre Tuathail. An áit ba mhó clú in Airteach ba é Tigh-Baithin é.Cérbh é Baoithin? Deirtear go raibh sé in a chol-ceathar go Colm Cille. Deir seán leabhar "Clann dá Dearbhrathair iad" an Dia(?) agus Baethin agus Com Cille, acht níl mé cinnte an iad na Baoithíní céadna iad. Oir ba é Baoithin col-ceathrar do, bhí in a abb ar í nuair cailleadh Colm Cille agus is é lá Meitheamh 10adh a lá, acht is é Feabhra 14 lá Baoithin airtigh agus badh de sliocht Cinell Conaill col-ceathar Colm Cille acht deir feílire Dun na nGall mar seo Baoithin Easbog Mac Cuanac ó Tigh Baoithin in Airteach Connacht no i-n Iarthar Midhe.De sliocht Eanna Mhic Néil so mar sin de niorbh iad na daoine céadna iad.(continues on next page)
- Collector
- Úna Ní Thiomáin
- Gender
- Female
- Informant
- Dr de hÍde