School: Aghalustia (roll number 12484)

Location:
Aghalustia, Co. Roscommon
Teacher:
Máire Ní Dhubhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0241, Page 007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0241, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Aghalustia
  2. XML Page 007
  3. XML “Cúirt an Chruinnéain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sean-fothrac ar abhainn Luing cupla míle ó Bealach-a-Dóirín. Sean-chúirt atá ann. Is beag de atá le feicsint indiu acht tá sgeal fíghte leis.
    Lá amhain tháinig dream daoine go dtí an áit sin agus chuireadar an cúirt ar bun. Ní raibh aithne ag aoinne ortha agus níor dhein muinntir na h-áite cairdeas leo. Bhris pláigh amach san gcomhsarnacht agus bhí na daoine ag fághail báis in a gcéadtaibh. Bhí bean bhocht san sráid-bhaile darb ainm dí Máire Ní Chorragáin agus bhí a mac ag faghail báis. Ní raibh braon bainne aice chun deoc a thabhairt do agus socruig sí ar dhul go dtí an cúírt agus an sgeal a chur fe'n a mbraghaidh.
    Nuair chualadar a sgeal thugadar buidéal bainne dí agus dubhairt siad nach mbead sé follamh coidhche acht gan a rádh le h-aoinne go bfuair sí sa cúirt é. Aoinne a d'ól an bainne tháinig biseach air. Chuaidh Máire Ní Chorragain ar fud an t-sraid-bhaile ag leigheasú na ndaoine agus bhí aithne uirthe i bhfad is i gcéin.
    Lá amhain chuaidh Máire Ní Chorragáin go dtí an pattern Coillte Bronc, d'eirigh sí ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Location
    Crunaun, Co. Roscommon