School: Taplach (roll number 5114)

Location:
Taplagh, Co. Monaghan
Teacher:
P. Ó Dubhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0931, Page 253

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0931, Page 253

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Taplach
  2. XML Page 253
  3. XML “Seanfhocail ón Cheantar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo sláinte gach h-aon a bhfuil mo spéis ann sá’n chlár
    A bhfeil intinn gan claon aige, agus méin mhaith ann a lár;
    Is fiosach damh fhéin ann, aoinnidh amháin
    Nach bhfuil beadaidheacht gan feidhm leis a’ té udaigh ‘tá i láthair
    A Mharcuidhe chaoin uasail a ghluais chugainn ó’n Spáinn,
    An ársuigh tú damhsa gan gruaim
    Cá h-uair a fuair buachaill Uí Choncubhair bás?
    Is marcuidhe caoin uasail mé a bhfuil fuasgailt gach cúis ann mo láimh
    Nuair a a d’fhuirigh a chroidhe a’s a chrámha
    Sin an lá a’s an uair a fuair buachaill Uí Choncubhair bás
    I gCarraig na gCoinneal tá sgillidí óir,
    Seistrighe capall a’s caoirigh go leór;
    Dá mbéidheadh sin agam, a’s maistrighe bó
    Bhearfainn a meas do mo ghrádh gheal.
    (Carraig na gCoinneal: Candlefort Hill, Inniskeen).
    Cearc uisce ar loch uisce a’s í phlubarnaigh phlabarnaigh.
    Dearfainn trí huaire gan fuaireadh de m’anal.
    An áit a mbíonn an stráic, is doiligh a bhaint faoi.
    (It is hard to humble a proud person)
    B’fhorus fuineadh cois mine, nó, is forus fuineadh a gcois mine.
    (It is easy to bake when one has meal)
    Chan fhuil gar a bheith a’freim, ar chreideamh gan céill. Nach nglacann uaim réim mo chomhairle.
    (There is no use trying to advise a silly person)
    Is fearr suidhe ann a aice nó ann a áit.
    (Better to sit beside it than in its place)
    Is iomdha rud a tháirluigheann nach mbíonn dúil leis. (thárluigh)
    (Many an unexpected thing happens)
    Lá níos aosta, lá mór measa.
    Sláinte ó bhalla go balla a’s má tá daoine anns a mballa labhraigidh
    (A toast, health from wall to wall, and if there are people in the wall let them speak)
    Char ghoid tú sin.
    (You didn’t steal that. Said when accusing a person of a hereditary fault.)
    Focal bréig’ ‘s a bhéal faoi.
    (A lie, and its mouth under it)
    Dia leat ach mur snaoisín a chaith tú.
    (Said to a person after sneezing. God bless you if it is not snuff you have taken.)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
      2. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Languages
    Irish
    English