School: Graiguenamanagh (B.) (roll number 16311)

Location:
Graiguenamanagh, Co. Kilkenny
Teacher:
Micheál Ó Cuanáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0857, Page 265

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0857, Page 265

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Graiguenamanagh (B.)
  2. XML Page 265
  3. XML “Scéal - Mullawnagown”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá malairt tuairim ameasc muintir Bhaile Uí mhurchaodh i dtaobh an brígh atá leis an ainn thúas. Páirc Bhreágh thirm seadh an Mulán agus is dóigh le cuid mhaith de'n na daoine is fearr eólus i dtaobh rudoaí ársa gurab é an chiall atá leis an ainn ná Báinseach an Ghabhann. B'fhéidir fadó go raibh ceárdcha sa pháirc nó comhgaradh dí, nó b'-fhéidir gurbh le Gabhainn an Pháirc is gur d'á bhárr san a tugadh an Ainn uirthi.
    Ní h-é sin an túairim atá ag furmhór lucht feasa an cheanntair sin ach guarab é atá ann ná Mulán na gCeann. Baineann sé le deallraimh gur acha san atá an ceart mar roinnt blianta ó shoin le linn romhartha is saothruighthe na páirce sin do fúarathas a lán ceann; gó cnámha cinn agus creatlaigh ba chóir a rádh. Mar sin is soléir gur troidoeadh Coth sa pháirc uair éigin agus marbhuigheadh slúagh saighdiúirí agus d'á chómhartha san tugadh Mulán na gCeann ar an bpáirc.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Mullannagaun, Co. Carlow
    Informant
    Liam De Grás
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Graiguenamanagh, Co. Kilkenny