School: Windgap, Thomastown (roll number 5698)
- Location:
- Windgap, Co. Kilkenny
- Teacher: Bean Mhic Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Windgap, Thomastown
- XML Page 008
- XML “An Sprid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon oidhche amháin bhí beirt féar ar chuaidh i dtig comharsaine agus dfhanadar ains an dtig go dtí go raibh se laedh uait tar éis a h-aon déag a clog.
Oidhche ana-dhorcha ar fad a bhí ann mar ní raibh an gealach ag teanamh. Bóthar ana uaigneach a bí aca acht pé scéal é b'éigin dóibh fílleadh abhaile. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc go rabhadar ag dul fé dhéin coille agus chonnacadar fear mór dearg, bolg mór air, cainicín ramhar air agus hata bán ar a cheann ague é ag marcuigheacht ar capall bán. Chuiadh se amach i lár an bóthair. Chuaidh na fir fé dhéin claidhe agus bhí an fear ar a thosach d'fan an céal um an daca sin ar feadh na h-oidche agus san maidin d'fhilleadar abhaile.
Cúpla oidhche in a dhiaidh sin bhí sagart ag dul abhaile go déanach san oidche agus channaich sí an sprid chéadhna agus thóg sé amach an Sacrimint Naomhtha. Leis sin go leig an fear trí scread as agus thosnuigh an capall ag cur alluis tar éis tamall d'imthigh an sprid agus ní fhaca aon duine é ó shoin i leith.- Collector
- Seosamhín de Britt
- Gender
- Female