School: Cill Rialaigh (roll number 14988)

Location:
Cill Rialaigh, Co. Kerry
Teacher:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 466

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 466

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Rialaigh
  2. XML Page 466
  3. XML “Aistí Scoláirí Scoile - Ainmhithe na Feirme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá ba, capall, asal, beithidhigh agus gamhna againn sa bhfeirm. Tá cúig bó againn “Bléinfhionn”, “Smólach” “Deorach”, “Druimfhionn” agus Geadach. Bíonn siad amuich gach oídhche go dtí go dtagann an Nodhlaig, fé mar a deir seana fhocal. Foghmhar gach síon go Nodhlaig. Cionus a glaodhtar ar na cearca, “tuc”, “tuc”, “tuc”, ar na lacain “fíonach, fíonach, fíonach”, ar na n’géana “beadaidhe, beadaidhe¸ beadaidhe”. Tá ainim againn ar gach pháirc, Páirc an Duar” sin í an pháirc na mbíonn na ba na chodladh ann, “Páircín Doimhin” sin í an pháirc na mbíonn foithin ann ó gach aon ghaoith, “Páirc na mbealach” sin í an pháirc in n-aice claidh na teórann idir sin féin agus taobh thuaidh, páirc eile i n’aice na h-abhan go bhfuil an seana-fhocal ag baint leis, sé seo an seana-fhocal. “Cois abhann síos agus cois abhann suas tá foithin ó’n ngaoith adtuaidh ann is teas ar an ngaoith andeas tá a h-agaidh sa n’gréin agus a chúl sa t-sioc”, páirc eile atá againn iseadh “Páircín an Chlover”, tá sí ar aghaidh an tíghe amach tá luibh éigin ann mar aon ainmhídhe a raghadh isteach ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Síle Ní Laoí
    Gender
    Female
    Address
    Bólas, Co. Kerry
    Informant
    Máighréad Ní Mhurchadha
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Bólas, Co. Kerry