School: Cill Rialaigh (roll number 14988)
- Location:
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus B. Ó Lúbhaing
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sagart ann fadó agus bhí sé ana sprionlaithe agus ana-bhocht. Bhí beirt nó triúr sa cheardchán lá agus bhíodar ag eachtraighe ar an sagart lena bhoichte agus le na spriúnlaitheacht. Ghaibh píobaire an treó agus d'fhiafruigh sé de stoc na ceardcan an ar an sagart a bhíodar ag cainnt. Dubhradar go beadh, dubhairt sé an amhlaidh a cheapadar ná féadfadh sé féin béile bídh a bhaint de. Dubhradar ná féadfadh sé go deó. Chuireadar geall le na chéile agus d'imthigh an píobaire go tigh an t-sagairt agus bhuail sé ag an ndoras Tháinig an cailín sa doras. Dubhairt an píobaire léi gur theastuig an sagart uaidh. Dubhairt sí ná raibh cead ag aoinne é d'fheiscint . Dubhairt sé gur gnó ana chúramach a beadh é agus a rádh leis teacht amach. I gcionn tamaill tháinig sé amach agus thug sé leis isteach an píobaire. Bhíodar ag cainnt tamall agus fé dheireadh labhair an píobaire agus dubhairt "Cuir is gcás, a athair, dá bhfaighainn airgead ag dul amú cad a dhéanfainn leis." "Tabhair chugham-sa é" arsa an sagart "agus fógróchad trí dhomhnach as a chéile é agus mar a bhfaighidh mé aoinne dho, cuirfimíd mar Aifrinntí le na n-anamnacha é ."Is dócha go bhfuil ocras ort." "Ó tá go maith" arsa an(continues on next page)
- Collector
- Séamus De Faoite
- Gender
- Male
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry
- Informant
- Maidhchín Sheáinín
- Other names
- Maidhchín Sheáinín
- Mícheál Ó Siocfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 31
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry