School: Baile 'n Sceilg (B.)

Location:
Ballinskelligs, Co. Kerry
Teacher:
Seán P. Ó Súilliobháin

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High
Cailleach Bhéara

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Do bhí bean ana láidir i mBéára fadó agus do ghlaoidthí Cailleach Bhéara uirthi. Lá dos na laétheanta do chuímhnimh sí dá mbeadh ruaine do Bhéara curtha lé ceann Bholais go mbeadh foithin ag Beara ón ngaoth adthuaidh. Do chuir sí tead timceall air smut do Bheara agus do tairig sí léithe é. Do bhíod ruainne dí ag tuitim i gcómhnuídhe acht fé dheire thuit plannc mor dí agus is é sin Oileán Daoínis. Do braith sí an tullach ag eadromú annsan agus do bhain sí stracadh as an dtead. Lé na linn sin do bris sí é agus do béigean di e fagaint annsan. Dfill sí tarnais chun tead eile do fagailt act pé nídh do bhain dí níor tháinig sí tarnais riamh o shoin. Act dá raincotadh lé a bhreith go ceann Bholais bead cuan Bailensceilg na chuan bhreág. Dfag san Scairbh agus Daoínis mar a táid riamh ó shoin.

Collector
Seamus Ó Suilliobháin
Gender
male
Address
Kinard East, Co. Kerry
Informant
Diarmuid Ó Suilliobháin
Gender
male
Age
50
Language
Irish