School: Baile 'n Sceilg (B.)

Location:
Ballinskelligs, Co. Kerry
Teacher:
Seán P. Ó Súilliobháin

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 193

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhi bean ann fado agus do bhi aon bho amhain aice. Do bhiodh gamhain ag an mbo gach bliain agus do chaillti an gamhain uirte gach bliain agus gad cruaidh aice leis. Trathus uain di do ghaibh fear siubhail an t'slighe agus do ghaibh se isteach chuiche. Do innis si a sceal do gur b'ionghantach an rud go gcaillti an gamhain gach bliain. D'fan se aice an la san agus nuair do thainig an oidhche do dhun se na doirse go leir agus do chuir se sios teine mor.
Thainig ard scannradh ar an mbean bhocht toisg an droich fhuadar a chonnaic si fen bhfear siubhail. Nuair do bhi se lasta do chaith se isteach an gamhain na lar. Do thosnuig an gamhain ar bheith ag doghadh agus ba ghearr gur buaileadh an doruis. Ce ta amuigh arsa an fear siubhail. Mise arsa an ghuth agus leog isteach me ar son De. Ni leogfhad arsa an fear go ndiolais an phingin bheag agus an phingin mhor leis an mbean bocht seo pe meid e. Da chead punt arsa an guth. Imthig agus tabhair leat e. Do imthig si ce gur dheocair lei e agus thug si lei an da chead punt. Nuair do thainig si do thug si an t'airgead don bean bocht agus d'imthig si as a radharc an noimeat ceadhna. As san

(continues on next page)
Collector
Séamus Mac Cártha
Gender
male
Informant
Eibhlín Ní Cárthaigh
Gender
female
Age
50
Language
Irish