School: Baile 'n Sceilg (B.)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Seán P. Ó Súilliobháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile 'n Sceilg (B.)
- XML Page 176
- XML “Comharthaí Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tá droch aimsir chúghainn. Má bhíonn cos ón n-gréin tá droc aimsir chúghainn ach ní i gcómhnuidhe é. Má bhíonn boisín ar an n-gealaig nó má bhíonn sí ar a beul fúithe tá cómhra droc aimsir chúghainn. Má fhagann an saga an fhairrge nó má bhíonn na faoiláin ag eitilt go árd san spéir tá droc aimsir chúghainn. Má thagann an rón isteach ar an dtráig tá droc aimsir chúghainn. Cómhra eile droc aimsire iseadh an cat i n-aice na teine nó na cearca ag priocadh a chéitle. Má bhíonn an aimsir ana fhuar ar fad tá gála chúghainn. Cómhra eile stoirme iseadh an gealach a bheith ag imtheacht ana thapaidh. Má bhíonn calm ana mhor sa gheimhreadh tá droc aimsir chúghainn mar níor sheasaimh riamh calm gheimhridh. Má bhíonn seachtmhain breágh ann beidh an Aoine fliuch nó fuar mar bíonn an Aoine deifireach i gcómhnuidhe leis seachtmhain. Má bhíonn boisín ar an dtaobh thiar tá droich aimsir chúghainn agus má bhíonn sí ar an dtaobh shoir fé bhun an Átha tá aimsir trim chúghainn. Má bhíonn caipín ceóig ar an Scairbh tá coighcíos droch aimsir chúghainn.
- Collector
- Séamus Mac Cárta
- Gender
- Male
- Address
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Mac Cárta
- Gender
- Male