School: Baile 'n Sceilg (B.)

Location:
Ballinskelligs, Co. Kerry
Teacher:
Seán P. Ó Súilliobháin

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High
Baile 'n Sceilg (B.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

I n-aimsir cogaidh nuair do bhí na Sasannaig d-iarraidh Éire go léir do chuir fé chois, bhí Laoch na Scairte mar thaoiseach ar dhream gaedheal i n-Uibhráthach. Tháinig na Sasannaig ortha agus do theith Laoch na Scairte. Do leanadar é. Do léim sé an cuas uatha agus sin é an fáth go dtugadh Cuas na Léime air. Tá an cuas seo suidhte i n-aice leis an gCeann Bán fé bhun Baile Chíllroilig agus tá sé tímcheall cúig cead troig ar leithead.