School: Baile 'n Sceilg (B.)

Location:
Ballinskelligs, Co. Kerry
Teacher:
Seán P. Ó Súilliobháin

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High
Ór i bhFolach

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 164

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fadó is amhlaidh a bhíodh aon pháirc mhór amháin chun cuireadóireacht ag muintir na haon bhaile Tá páirc mór i [gCillúrlaídhe] air a nglaodhtar Páirc na Ceallúnaídhe. Do bhí muintir an bhaile go léir ag obair sa pháirc sin aon uair amháin Nuair a bhíodar ag dul abhaile chun a dínnéir do ghlaoidh duine des na fearaíbh air an gcuid eile chun go mbainidís cloc a bhí sa ghearradh roimis. Nuair a bhí sí bainte aca chuireadar na leath sheasamh í agus do chuir sé féin teantaí fúithí. Annsan dubhairt sé leó í fhágaint mar sin dimthígheadar leó abhaile agus nuair a bhíodar imthighthe do thog sé an cloc agus is amhlaidh a bhí corcán óir fúithi. Do bheir sé an corcán agus an tor abhaile leis agus do thug sé cuid de dá mháthair. Do chuaidh sé amach ag máirseáil an oidce sin agus nuair a tháinig se abhaile dubhairt sé lé na mháthair an tór do thabhairt do arís. Do thug agus ní fheadar aoinne cad a dhein sé leis riamh ó shoin agus níor chonnac aoinne gur chuir sé aon taisbeach mór air. Deirtear gur chaith sé é thabhairt tharnais arís agus tá sé ráidhte dá mbá leis é riar go mbeadh an sceal ní bfeárr aige. Tá sé ráidhte imeasc na ndaoine go (bhfuail) bhfuil an tór san

(continues on next page)
Collector
Séamus Ó Súilliobháin
Gender
male
Address
Kinard East, Co. Kerry
Informant
Diarmuid Ó Suilliobháin
Gender
male
Age
60
Address
Kinard East, Co. Kerry
Language
Irish