School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 161

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 161

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 161
  3. XML “Bléic de Búrc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin blianta ó shin chomnuig fear i mBaile n Sgeilg Thiar gur ab ainm dó Bléic de Búrc. Ní raibh aon nídh sa tsaoghal aige ach acra talmhan agus bainbh muice. Bhí sagart na chómhnáidhe i n -aice leis agus bhí piarda mór gabhair aige. Lá amháin chuaid muc bhléic isteach i n-atarainn an tsagairt . Ach má chuaid chuir an sagart a ghabhar na dhiaidh agus ní ró mhaith an crot a bhí uirthe na dhiaidh mar do stol agus do strac na gadhar í agus bhí sí ag tabhairt fola. Nuair a chonnaic Bléic í bhí sé ar buile agus bhíodh sé dá innsint do's na h-aoinne mar gheall uirthi. Cé bhuailfeadh leis an sagart ach Pádraig an Éithigh. Seadh Phadraig, bhfuil aon sgéal nuadh agat? arsa an sagart. Ní mór é i mhuise ach do chuir rud amháin an ionghadh orm indé. Do ghaibh trí préacháin móra dúbha treasan na spéire agus ana ghleo acu. Níor thugas aon chluas ar dtúis dóibh ach ba geárr gur chuala an méid seo á rád acu.
    Bloodshed, Bloodshed, Bloodshid arsa an céad ceann go feargach. " Where , Where , Where, arsa an dara ceann níos a feirge. "At Bléic de Búrc's , At Bléic de Búrcs, At Bléic de Búrc's arsa an tríomhadh ceann. Do mhachtnuig an sagart ar feadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Eamonn Ó Leathlobhair
    Gender
    Male
    Age
    61
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry