School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 155
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“I n-aimsir na ndeachmhadh bhí an ministir ghá mbailiúghadh.”
I n-aimsir na ndeachmhadh bhí an minisgtir ghá mbailuúghadh . Bhíodar bailighte aige ghá gcur isteach sa phóna. Do bhailig na buachaillí óga tímcheall air. Do stracadar anuas dá chapall é. Do chárdaileadar le cárdaí lámha é agus dheineadar a cheannacha a stracadh as a chéile. Thug sé baramhail aithne do bheirt acu. Tógadh iad agus do trialadh iad agus do daoradh iad. Do cuireadh siar an chúis go dtí n ceathramadh sóin. Cuireadh ón gceathramhadh sóin iad go dtí an siseón. Chuaidh dune de's na buachaillí ag triall ar an gCounsiléar ó Connaill. Níor daoradh acht duine acu. Dubhairt sé leis an bhfear a daoradh gur bí an croch a bhí i n-áirigthe dó agus déanamh fé mar a dearfadh sé féin leis. Dul amach sa gharraídhe agus leigint air bás d'fágháil a bhean agus a chlann a bhailiúghadh tímcheall air agus é thógaint isteach. An lá bheadh sé gá chur go raghadh sé féinig na shochraid agus go mbéarfhadh sé fídnéidh leis go raibh sé marbh ar an gclár. Dubhairt an Counsiléar le fear a bhí ar lóisdín aige gluaisteacht i n-aonfeacht eis go raghaidís 'ín tsocraid go raibh a leithéid seo dhuine go raibh "sentence" a chrochta air ghá chur indiu. D'imthígheadar ortha(continues on next page)- Collector
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheal Ó Diolláin
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Address
- Cinn Aird Thiar, Co. Kerry