School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 152
  3. XML “Lópas na Leathbhróige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí triúr ban i mBaile's Sceilg Thiar, Oídhce amháin roimh Nodhlaig do
    bhíodar na suídhe cois na teine agus dheineadar suas a n-aigne dul Dia Céadaoin a bhí chúcha go Cathair Saidhbhín fé dhéin sómhlas na Nodhlag. D'fhág an triúr a dtighthe roimh lá agus bhíodar ag cur an bhóthair díobh nú go rabhadar dhá mhíle ó bhaile nuair a chonnacadar solus i dtigh a bhí sa pháirc isteach ón mbóthar.Agus le línn iad ag gabháil thar an bpáirc do h-oscaladh doras an tíghe agus do rith bean an tíghe amach chúcha ar ar an mbóthar agus d'fhiafruig sí díobh an rabhadar ag dul go Cathair Saidhbhín. Táimíd ar siad san. Fanáidh liom-sa ar feadh cúpla neómat agus bead lé mbhúr gcois. D'iompuig sí ar an dtig agus chuaidh na mná ar scáth bhínn an tíghe ó chith a bí ag teacht. Ní fada a bhíodar na seasamh ann nuair a chualadar an choisídheacht ag déanamh ortha an bóthar aniar agus dar leó féinig gur fear a bhí ar siúbhal ar leath-bhróig a bhí ann. Bhí sé ag déanamh ortha agus é ag cur de go tréán ar a leath-bhróig agus fiadh bheart mór air a dhrom oiread botháin de bheart. Ghaibh sé thórsa amach agus d'infhiúchadar é go maith agus gan air acht bhróg amháin. Chuir sé ana
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Murchadha
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Bean Uí Fhianachta
    Gender
    Female
    Age
    82
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry